Meas Grupa TimpeaIlachta Gort a' Choirce, Iar-Thuaisceart - Environment Group, North West Ireland

An Baile Fearainn is Glaine 2018

Iarbhuaiteoirí Chomórtas 'An Baile Fearainn is Glaine'

2008 Fána Bhuí

2009 Seanbhaile

2010 Mín Doire

2011 Mín Doire

2012 Seanbhaile

2013 Caiseal na gCorr

2014 Mín Lárach

2015 Mín na Craoibhe

2016 Gan comórtas

2017 Doire Chonaire


Tá'n chomórtas seo ar siúl idir bhailte fearainn cheantar/pharóiste Ghort a’ Choirce ó thosaigh Féile Ghort a’ Choirce sa bhliain 2008. Is iad an grúpa timpeallachta Meas Iarthuaisceart (www.meas-it.com) a eagraíonn é agus a gnigh moltóireacht air.

Fógraítear buaiteoir (baile fearainn) amháin ag Féile Ghort a' Choirce agus bronntar duais de chrann dúchasach ar an bhaile fearainn sin. ‘Siad iar-bhuaiteoirí an chomórtais ná: 2008 = Fána Bhuí, 2009 = An Seanbhaile, 2010 = Mín Doire, 2011 = Mín Doire, 2012 = An Seanbhaile, 2013 = Caiseal na gCorr, 2014 = Mín na Lárach, 2015 = Mín na Craoibhe, 2017 = Doire Chonaire.

Déantar moltóireacht ar an timpeallacht sna bailte fearainn agus bíonn dhá fhoireann moltóirí againn. 'Siad an dá chatagóir is tábhachtaí a dhéantar moltóireacht orthu ná:
  1. Bruscar ar imeall an bhealaigh. ‘Sé is lú bruscar, ‘sé is mó seans a bhíonn acu baint. Coinnigh an ceantar saor ó bhruscar agus ná caith bruscar amach as fuinneogaí gluaisteán.
  2. Fiailnimh (weedkiller). ‘Sé is lú fiailnimh, ‘sé is mó seans a bhíonn ann le baint. Níl gnóithe ar bith bheith ag spraeáil an ceimiceán (nimh) seo i ndíogacha, ar bhruacha, i gcuibhrinn ná ar imeall bhealtaí móra. B’fhearr linn, ar ndóighe, gan bruscar ná fiailnimh ar bith a fheiceáil. Is ceantar tuaithe muid agus milleann na 'nósanna' seo íomha na tuaithe - rud nach dtabharann dea-shampla do pháistí ná do chuairteoirí.

Bíonn cúpla fochatagóir ann fosta:

Guíonn muid ádh mór ar na bailte fearainn uilig i mbliana agus ádh mór ar Fhéile Ghort a' Choirce a tharlaíonn ar an deireadh seachtaine deireanach de mhí Iúil 27ú-29ú Iúil 2018