Meas Grupa TimpeaIlachta Gort a' Choirce, Iar-Thuaisceart - Environment Group, North West Ireland

Glantacháin Clean Ups

Lá Mór Glantacháin / Glantachán Náisiúnta Earraigh 2019

Lá Mór Glanadh na mBealtaí 2019 feagra Gort a' Choirce 13 Aibreán 2019 - Meas Iar-Thuaisceart, Co. Dhún na nGall, Éire Lán scipe bruscair 2019, Meas Iar-Thuaisceart, North West Anti-Waste Campaign
Lá Mór Glantacháin / Glantachán Náisiúnta Earraigh 2019

Sular tógadh an bhruscar i rith Lá Mór Glantacháin 2013, Meas Iar-Thuaisceart, North West Anti-Waste Campaign Sular tógadh an bhruscar i rith Lá Mór Glantacháin 2013, Meas Iar-Thuaisceart, North West Anti-Waste Campaign
Roimhe agus i ndiaidh an tógáil brúscar ar an Lá Glantacháin 2013
Before and after removing rubbish during the big cleanup 2013


Bruscar bailithe i ngluaisteán i rith Lá Mór Glantacháin 2013, Meas Iar-Thuaisceart, North West Anti-Waste Campaign Lán scipe bruscair 2013, Meas Iar-Thuaisceart, North West Anti-Waste Campaign
Lán scipe bruscair 2018, Meas Iar-Thuaisceart, North West Anti-Waste CampaignAn scipe bruscair i ndiaidh Glanadh Bealtaí Ghort a' Choirce 2009


Ba mhaith leis an ghrúpa timpeallachta Meas Iarthuaisceart (www.meas-it.com) buíochas mór a ghabháil le achan duine a chuidigh ar dhóigh ar bith leis an bhrúscar a thógáil ó na bealtaí móra i gceantar /bpobal / bparóiste Ghort a' Choirce ar an Satharn 13ú Aibreán. Tá an ceantar tuaithe s'againn ag amharc i bhfad níos glaine dá bharr. Líonadh an scipe bruscair a chur an comhairle contae ar fáil dúinn thar ceann an Glantachán Náisiúnta Earraigh. Siad na hearraí is mó a tógadh ná buidéil phlaisteach agus rapair phlaisteach ó mhilseáin agus ó bhrioscáin phrátaí. Bhí neart bocsaí toitíní folamha agus bunanna toitíní tógtha fosta chomh maith le coimeádáin bia ó bhialanna bia gasta/mearbhia. Bheadh sé ina chuidiú don timpeallacht agus do na glúnta atá ag teacht inár ndiaidh dá ndéanfaí réitigh a fháil do bhrúscar go freagrach in áit bheith a chaitheamh amach as fuinneogaí gluaisteáin. Leis an áit a choinneáil glan i rith na bliana bheadh sé fosta ina cuidiú dá ndéanfadh achan duine súil bheag a choinneáil ar a mbealach féin chóir baile agus brúscar ar bith a bhíonn air a thógáil. Is linn uilig an timpeallacht agus tá dualgas agus freagracht ar achan saoránach agus ar achan duine daonna an timpeallacht - ár dtír s'againn, a choinneáil slán sábháilte agus a chaomhnú daofa siúd atá ag teacht inár ndiaidh.



Beidh Lá Mór Glanadh na mBealtaí i gceantar Chloich Cheann Fhaolaidh ar an Satharn an 13ú Aibreán 2019 ar 1.00in.

Fáilte mhór roimh an phobal uilig bheith páirteach linn. Bíodh miotógaí agus casóg/veist sofheicthe ort.

Málaí ag na pointí seo leanas: Más mian leat do chuid málaí athchúrsáilte féin a úsáid agus píosa glanadh a dhéanamh ar lá inteacht roimh an Lá Glantacháin bheadh sin ina chuidiú mhór fosta. Ar an Lá Glantacháin, fág málaí líonta ag na pointí thuas nó ar na príomhbhealtaí agus cuir scairt ar Cordelia; 087-6111524 nó Mary; 086-8460764 le tógáil na málaí a shocrú.

A eagrú ag an grúpa comhshaoil MEAS Iarthuaisceart (www.meas-it.com) in éineacht leis an Glantachán Náisiúnta Earraigh.

Bheadh sé deas dá ndéanfadh achan duine iarracht a gceantar féin thart fán teach agus na bealtaí chóir baile daofa a choinneáil saor ó bhruscar. Coinnigh leis i rith na bliana agus beidh bród ort nuair a fheiceas tú toradh do chuid oibre. Tá tír ghalánta againn agus, mar sin, dualgas orainn uilig meas agus aire a thabhairt dár gceantar féin - dúinn féin agus do na glúnta atá ag teacht inár ndiaidh.

Tá do rannpháirtíocht sa ghlanadh ar do phriacal féin. Comhlánaigh an fhoirm seo Deimhniú Lá Glantacháin An Taisce agus seol ar ríomhphost chuig eolas@meas-it.com