Meas Grupa TimpeaIlachta Gort a' Choirce, Iar-Thuaisceart - Environment Group, North West Ireland

Fadhb na Luchógaí Móra ag Machaire Rabhartaigh

Trá Mhachaire Rabhartaigh
Sheol Cordelia Nic Fhearraigh seo chuig RnaG agus sheol sí litir leis an t-eolas seo chuig Coiste Pobail Ghort a' Choirce, Coiste Thráigh Mhachaire Rabhartaigh, an Bainisteoir Contae agus na hionadaithe poiblí. - 28 Lúnasa 2012

A Dhuine Uasail

Ár dtuairimí faoin 'fhadhb ollmhór' atá le luchógaí móra ar thráigh agus ag cé Mhachaire Rabhartaigh:

Tá go leor factóirí a tharraingíonn an luchóg mór – bia saor in aisce an ceann is mó acu.

An Carrchlós


  1. Bhí mé féin thíos sa charrchlós inniu agus ní fhaca mé morán bruscair caite thart.
  2. Tá an carrchlós tógtha go garbh – neart poill idir na creigeacha go dtig neadracha bheith iontu.
  3. Tá na ‘ballaí’ sa charrchlós tógtha go hiontach scrábach agus garbh. Níl cuma ná déanamh orthu – arís áit bhreá le dhul i bhfolach más luchóg mhór thú.
  4. Bhí coimeádán lasta stórála amháin suite sa charrchlós, cha raibh cinnte caidé a bhí ann, é druidte go maith ach spás istigh faoin bhun – foscadh bhreá do luchógaí agus luchógaí móra.

An Ché agus na Foirgnimh

  1. Bhí seo glan go maith. Arís cúpla coimeádán lasta stórála le spásanna istigh faoin bhun s’acu agus eadarthu. Cha raibh a fhios caidé a bhí istigh iontu ach iad druidte go maith.
  2. Bhí thart ar an ionad bidh breá glan agus clár ar an tralaí bruscair.
  3. Píopa foscailte ag balla an ché – arís áit bhreá do luchógaí móra le dhul i bhfolach ann.

An Cladach ar an taobh thiar den Ché

  1. Cuid mhór dumpáil de threalamh iascaireachta anseo.
  2. Potaí gliomach, sean téid, bairillí gorma foscailte le fuíollach bia crúbóg iontu agus boladh úafasach as.
  3. Carn de dhumpáil mídhleathach ar an chuid is faide siar – bréagáin, seanadhmad srl.
  4. Go leor spásanna idir na clocha ar an doirlín agus toim féar le dhul i bhfolach iontu.

Sé ar mbarúil:

  1. Cóiriú a dhéanamh ar an carrchlós agus é a dhéanamh níos slachtmhara (féar, ballaí).
  2. Na poill idir na creigeacha móra atá mar dhúshraith ag an carrchlós a líonadh isteach.
  3. Smacht a choinneáil ar an féar.
  4. Na spásanna ag bun na coimeádáin lasta a dhruid.
  5. Na bairillí gorma leis an bia crúbóg a choinneáil chomh glan agus is féidir agus cláracha maithe docht, daingean a bheith orthu.
  6. Na potaí gliomach agus trealamh eile iascaireachta a stóráil go néata glan.
  7. Go mbeadh na hiascairí faichilleach fá chaitheamh dramhaíol san fharraige.
  8. Cosc ar dumpáil mídhleathach ar an cladach.
  9. Ó thaobh an nimh, bheadh imní orainn faoi nimh a chur síos leis na luchógaí móra seo a mharbh nó bheadh baol ann go n-íosfadh éanacha na coirp marbh agus de thairbhe seo, mháródh an nimh na héanacha fosta.
  10. Táimid ag déanamh fiosruithe faoi éanacha creiche a bheith sa cheantar le smacht nádúrtha a choinneáil ar na luchógaí.


Le dea-mhéin

Cordelia Nic Fhearraigh

Meas Iarthuaisceart
0876111524

Tuilleadh eolais


Campaign for Responsible Rodenticide Use leaflet
Rat Poison and the threat to wildlife